web analytics

An Cailín Bocht Marbh

Dantai-Cailin_Bocht

An dán seo as Bearla

Áileann a bhí a h-aghaidh,
Agus dathúil soiléir a bhí a tón,
Bhí airgead go leor ina póca,
Agus cóicéain suas a srón.
D’fhéach daoine uirthi,
Cailín óg d’fhiche bliain d’aois,
Bhí a pictiúr sna nuachtáin,
Agus ar an teilifís
Bhí soal breá ós a cóir,
Bhí gach rud ceart go leor,
Agus nuair a fuair sí bás,
Bhí an caoineadh di, mór.

Cúpla lá roimhe, I bPort Láirge,
Bhí cúpla fir óga,
Ag cóisir le cairde,
Ag damhsa le ceol chun na cailíní a phógadh,
Thógadar cóicéain an oíche sin,
Agus d’fhéach an domhan síos orthu,
Toisc gur tháinig na buachaillí as áiteanna bochta,
Dúirt daoine fuatha, “ochón, ochón.”

B’fhéidir ar maidin a breithlá,
Nuair a chonaic sí na buachaillí marbha,
Anois iad fíorbhocht,
Dúirt sí léi féin ansin,
“Ní thógfaidh mé cóicéan anocht”
Agus nuair a thit sí an urláir,
Agus tinneas mór inti,
An ndúirt sí lena cairde,
“Ná tóg drugaí?”
Agus nuair a fhéachann sí síos inniú,
Ar na daoine ag breathnú uirthi ar an teilifís,
B’fhéidir ní thógadh sí drugaí,
Dá mbeadh an seans aici arís.

Comments

comments

%d bloggers like this: